Tugann an ceoltóir Adele rabhadh do lucht féachana i Las Vegas


Tá go leor ceoltóirí gortaigh de bharr daoine ag caitheamh rudaí ar stáitsí
D'iarr an ceoltóir cumasach Adele ar a lucht féachana i Las Vegas gan rudaí a chaitheamh ar an stáitse agus í i mbun ceoil.
Tharlaigh roinnt eachtraí ar na mallaibh inár chaith baill don lucht féachana ábhair ar stáitsí agus ceoltoirí i mbun gniomh.
Ghortaigh ceoltóir amháin a súil i ndiaidh duine don lucht leanúna guthán a chaitheamh uirthi agus í ag seinm i Nua-Eabhrac.
Agus in eachtra thar a bheith aisteach, chaith fear mála ina raibh luaithreach a máthara ar an stáitse ar a raibh an ceoltóir Pink ag seinm.
"Seo é do mham?" a dúirt an tealaíontóir Pink i bhfíseáin a scaipeadh ar na meáin shóisialta, sular chuir sí leis: "Níl a fhios agam cén dóigh a mhothaím faoi seo."