Bean Éireannach ar iarraidh i mBeirlín aimsithe sábháilte

placeholder image

TÁ BEAN óg Éireannach a chuaigh ar iarraidh i mBeirlín slán sábháilte.

Tuairiscíodh go raibh Úna Joyce, as Gort an Choirce, Co Dhún na nGall, ar iarraidh i bpríomhchathair na Gearmáine Dé Sathairn seo caite, ach fuarthas san ospidéal maidin Dé Máirt seo í.

Tuigtear gur chuaigh sí ar bord bus ag stáisiún Reuchlin Strasse i mBeirlín Dé Sathairn 28 Deireadh Fómhair chun taisteal i dtreo Hasenheide agus gur chuir sí téacs chuig cara ag rá go raibh sí ar an mbealach ach nár tháinig sí.

Thaistil baill dá teaghlach go Beirlín de réir mar a tháinig méadú ar imní faoina sábháilteacht.

Dheimhnigh cara teaghlaigh ar na meáin shóisialta go bhfuarthas Úna in ospidéal lasmuigh de Bheirlín agus "go bhfuil sí lena teaghlach."

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice